← Is annamh a d'fheicfeá sa lá atá inniu ann daoine ag dul ar bhus ná ar thraein agus páipéar nuachta faoina n-ascaill acu le léamh ar an turas. 🔊
← Tá cuid mhaith den aos óg nach n-éisteann le haon stáisiún raidió beo níos mó nó nach bhféachann ar ghnáthchláir theilifíse. 🔊
← Seo é ré na n-aipeanna agus an ré dhigiteach agus is liosta le háireamh iad na haipeanna atá ar fáil go saoráideach. 🔊
← In áit páipéar nuachta a fháil mar chóip chrua is féidir é a fháil mar chóip dhigiteach ar phraghas níos ísle agus é ar d'fhón nó ar pé scáileán atá agat a luaithe agus a bhíonn sé scríofa ag an iriseoir. 🔊
← Dá bharr seo ní fheiceann tú carn mór nuachtán laistigh de dhoirse na siopaí níos mó ná ní chloiseann tú daoine ar an tsráid ag béicíl amach ainmneacha na nuachtán atá ar díol acu. 🔊
← Cé go bhfuil páipéir nuachta fós ar fáil le ceannach sna siopaí tá a ré caite, a bport seinnte, agus faoi cheann cúpla bliain eile ní bheidh siad ar na seilfeanna níos mó. 🔊
← Fágann an t-athrú seo sa mhodh dáileacháin go bhfuil athrú tagtha ar chúram an iriseora chomh maith. 🔊
← Is é cúram an iriseora anois ná dath a chur ar an scéal nó, b'fhéidir, cosa a chur faoi ionas go mbeidh sé nuálach agus tarraingteach do lucht a léite. 🔊
← Ar ndóigh, cuireann gach nuachtán nó iris a dhath nó a chlaonadh féin ar na scéalta agus is faoin léitheoir a fhágtar é chun a chiall féin a bhaint as. 🔊
← Bíonn gach aon saghas scéil le fáil ar na haipeanna ar nós "X" nó Instagram nó a leithéid eile agus iad scríofa ag gnáthdhaoine nach iriseoirí iad. 🔊
← Ní gá dúinn ach féachaint ar pholaitíocht na Stát Aontaithe chun é seo a chur ar ár súile dúinn. 🔊
← Níl an nuacht faoi stiúr phrionsaí na meán, ar nós Rupert Murdoch, níos mó. 🔊
← Ach, fós féin, más tapaidh agus saoráideach a fhaighimid ár nuacht ní mór dúinn gan a bheith leisciúil faoi ach féachaint go géar ar na foinsí as a dtagann sí agus ár n-intinn féin a dhéanamh suas dá réir. 🔊
← Is den riachtanas é go gcuirfí oideachas ar an aos óg agus ar an bpobal i gcoitinne chun go mbeidh siad ábalta na meáin a cheansú agus tairbhe a bhaint astu. 🔊